Fógraíocht

Fógraíocht

Cur chun cinn ar Champas Cuir barr feabhais ar éifeacht do bhranda trí dhul i dteagmháil go díreach le raon leathan mac léinn ar champas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Cuireann ár gcampas, ina bhfuil os cionn 24,000 mac léinn, ardán ar leith ar fáil do do ghníomhaíochtaí poiblíochta. Cuir seastán tarraingteach in airde in áit ina bhfuil mórán mac léinn chun plé go díreach leo aghaidh ar aghaidh, agus cuir do tháirgí nó do sheirbhísí os comhair an phobail i dtimpeallacht atá beo le fuinneamh na hóige agus le custaiméirí féideartha. Cinnteoidh an modh teagmhála díreach seo go mbeidh do bhranda feiceálach láithreach bonn agus go gcuimhneoidh na mic léinn ar eispéireas do bhranda.

Téigh i dteagmháil le comms@uccsu.ie chun straitéis phoiblíochta atá oiriúnach duitse a phlé agus chun sonraí na rátaí a fháil.

Urraíocht Imeachta

Bí páirteach le hAontas na Mac Léinn Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, chun urraíocht a dhéanamh ar réimse leathan imeachtaí iontacha i rith na bliana. Ó ghigeanna bríomhara ceoil go cainteanna spéisiúla agus feachtais fhuinniúla, nascfaidh d’urraíocht tú le croílár shaol an champais. Cuireann gach imeacht ardán ar leith ar fáil chun do bhranda a chur chun cinn agus chun teagmháil a dhéanamh leis na mic léinn.

Chun deiseanna fógraíochta a oireann duitse agus a thagann le spriocanna do bhranda a fhiosrú, agus chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár bhféilire imeachtaí, cuir teachtaireacht chugainn ag comms@uccsu.ie.

Pacáistí na bhFreisear

Cuir leis an líon duine a fheiceann do bhranda trí dhearbhán nó bileog eolais a chur i bPacáistí na bhFreisear anseo i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, a thugtar amach gach bliain do 4,500 mac léinn nua sa chéad bhliain.

Is deis ar leith í seo do bhranda a léiriú do ghrúpa mór mac léinn atá díreach ag tosú amach ag féachaint thart ar na gnólachtaí áitiúla i gCorcaigh. Is slí éifeachtach í chun go gcuirfidh lucht féachana nua aithne ar do bhranda.

Má tá suim agat ábhar do bhranda a bheith mar chuid de Phacáiste na bhFreisear le hAontas na Mac Léinn Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, téigh i dteagmháil le comms@uccsu.ie.

Postálacha ar na Meáin Shóisialta

Bain leas as fheiceálacht láidir Aontas na Mac Léinn Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ar na meáin shóisialta chun do bhranda a chur chun cinn.

Le 33,000 ‘likes’ ar ár leathanach Facebook, os cionn 23,000 leantóir ar Instagram, agus lucht féachana de 12,500 ar Twitter, beidh teacht ag lucht féachana leathan de mhic léinn ar do bhranda. Is deis iontach í seo do bhranda a léiriú ar ardáin ina mbíonn mic léinn páirteach agus idirghníomhach. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas na meáin shóisialta seo a úsáid chun cur leis an líon duine a fheiceann do bhranda, cuir teachtaireacht chugainn ag comms@uccsu.ie.

Póstaeir ar Champas

Expand your brand's visibility at UCC by utilizing our poster display service on campus. This service offers a strategic way to capture the attention of the student body in a high-traffic academic environment. Tailored for maximum impact, your posters will be placed in key locations, ensuring high visibility and engagement.

For detailed information on how to take advantage of this opportunity, please contact comms@uccsu.ie.

Fógra ar Phleanálaí Balla

Déan fógraíocht ar Phleanálaí Balla an Aontais, acmhainn a úsáideann mic léinn chun tuairisc a choimeád ar dhátaí acadúla tábhachtacha agus a sceidil phearsanta féin. Is deis ar leith í seo do chomhlachtaí a mbranda a léiriú ar an bpleanálaí, ag cinntiú go mbíonn feiceálacht leanúnach ann i rith na bliana.

Téigh i dteagmháil le comms@uccsu.ie chun níos mó eolais a fháil faoi conas do bhranda a chur ar ár bpleanálaí chun teagmháil a dhéanamh le mic léinn go héifeachtach.