Leas

Piarthacaíocht

Déantar mic léinn na chéad bhliana a nascadh le piarthacóir nuair a thagann siad go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. De ghnáth, is mic léinn iad piarthacóirí atá i mbliain níos airde de do chúrsa, agus tá siad ann chun tacaíocht a thabhairt duit le haon fhadhb phearsanta atá agat. Tá gach piarthacóir an-oilte, agus mura féidir leo d’fhadhb a réiteach iad féin, beidh aithne acu ar dhuine a bheidh ábalta cabhrú leat. Buailfidh tú le do phiarthacóir i rith an chúrsa ionduchtaithe, agus mholfainn duit fanacht i dteagmháil leo i rith na bliana.

Má tá aon cheist agat maidir leis an gcóras piarthacaíochta nó má tá suim agat a bheith i do phiarthacóir, téigh i dteagmháil leis an gcomhordaitheoir PASS ag pass@ucc.ie.

Lóistín

Tá stocaireacht leanúnach á dhéanamh ag Aontas na Mac Léinn ar an Ollscoil agus ar an Rialtas mar gheall ar an nganntanas tithíochta atá ann do mhic léinn timpeall na hOllscoile, rud nach bhfuil sásúil in aon chor. Níl bunachar sonraí de sheomraí ná de thithíocht ag Aontas na Mac Léinn, ach is féidir linn tú a threorú i dtreo na hacmhainní atá ar fáil.

Sláinte Ghnéis

Ba chóir go dtaitneodh gnéas sábháilte leat, beag beann ar an duine a bhfuil dúil agat iontu. Is cuid den saol é gnéas a bheith agat, is cuma cén ghnéasacht atá agat, ach ba chóir duit a bheith sábháilte! Seo thíos roinnt seirbhísí a chabhróidh leat a bheith sábháilte má roghnaíonn tú gnéas a bheith agat. Cuimhnigh nach mbeidh gach éinne gníomhach go gnéasach i rith a gcuid ama san ollscoil, agus níor chóir go mbraithfeá faoi bhrú gnéas a bheith agat díreach toisc go bhfuil do chairde á dhéanamh.

Meabhairshláinte

Is féidir le do chuid ama san ollscoil a bheith dúshlánach. Táimid anseo chun cabhrú leat, is cuma cén fhadhb!

Teagmhálaithe Tacaíochta

Chun comhairle agus tuilleadh eolais a fháil faoi bhuiséadú i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, cliceáil anseo, agus chun coinne a dhéanamh le Comhairleoir Bhuiséadach na Mac Léinn, cliceáil anseo.

Má tá tuilleadh comhairle uait faoi bhuiséadú nó má tá sé de dhíth láithreach bonn, is féidir dul go www.mabs.ie. Má tá deacrachtaí airgidis pearsanta agat féin, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil leis an oifigeach leasa, ach ó thaobh comhairle faoi bhuiséadú, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an gcomhairleoir bhuiséadach ag 021 490 2151.