Tacaíocht Airgeadais

Comhairle Bhuiséadaithe

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais agus comhairle a fháil faoi sheirbhísí buiséadaithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus cliceáil anseo chun coinne a dhéanamh le Comhairleoir Buiséadach na Mac Léinn. 

Má tá tuilleadh comhairle uait faoi bhuiséadú nó má tá sé de dhíth láithreach bonn, is féidir leat dul go www.mabs.ie. Má tá fadhbanna airgeadais pearsanta agat, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil leis an oifigeach leasa, ach chun comhairle a fháil faoi bhuiséadú, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an gcomhairleoir buiséadach ar 021 490 2151.

Ciste Fóirdheontais um Chúram Leanaí

Tá an tacaíocht airgeadais seo ar fáil do leanaí faoi bhun 12 bliana d’aois amháin, agus atá rollaithe in áiseanna creis lánaimseartha nó páirtaimseartha nó atá faoi chúram seirbhís chláraithe feighlíochta leanaí. Is féidir le mic léinn iarchéime agus mic léinn ar shocrúcháin iarratas a dhéanamh don tacaíocht le linn an tsamhraidh (Meitheamh - Lúnasa 2024).

Ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh, ríomhtar an maoiniú thar an tréimhse 12 sheachtain sna seimeastair. Is é €1,200 an t-uasmhéid atá ar fáil d’iarratasóir le leanbh amháin nó níos mó. Sa chás nach mó ná €1,200 an táille sheachtainiúil thar thréimhse 12 sheachtain, gheobhaidh iarratasóirí 100% den táille.

Osclófar an Ciste Fóirdheontais um Chúram Leanaí ar an 18ú Lúnasa agus dúnfar é ar an 18ú Meán Fómhair. Dóibh siúd atá ag súil le hiarratas a dhéanamh arís, nó iarratas a dhéanamh don dara seimeastar, osclaíonn an Ciste Fóirdheontais um Chúram Leanaí arís ón 22ú Nollaig agus dúnfar é ar an 22ú Eanáir.

Déanfar an t-eolas go léir atá ar an bhfoirm seo a láimhseáil faoi rún. Má tá aon cheist agat, téigh i dteagmháil le: 086 184 2697 nó seol ríomhphost go: welfare@uccsu.ie

Banc Bia an Aontais

Níl tacaíocht airgeadais trí Bhanc Bia na hOllscoile ar fáil ach amháin do mhic léinn atá cláraithe faoi láthair le linn théarma a n-iarratais.

Is de réir an cháis a dhéileálfar le hiarratais a chuirfear isteach lasmuigh den ghnáth-théarma. Ní bheidh an t-iarratasóir i dteideal tacaíocht a fháil ó Bhanc Bia na hOllscoile mar thoradh ar iarratais rathúla a deineadh roimhe seo ó théarmaí nó blianta acadúla éagsúla.

Seo a leanas an scéim ghinearálta chun tacaíocht bhia a chur ar fáil d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe lánaimseartha:

1. Déanfar measúnú ar mhic léinn atá ag lorg tacaíochta chun a riachtanais a chinneadh ionas go bhféadfaidh an banc bia tús áite a thabhairt dóibh siúd is mó atá i ngátar.

2. Is é príomhchuspóir an bhainc bhia ná tacú le mic léinn a mbíonn fadhbanna airgeadais gan choinne orthu i rith na bliana acadúla. Ina theannta sin, tá an banc bia ann chun cúnamh a thabhairt do mhic léinn a bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar a gcúinsí agus iad i mbun staidéir, mar shampla tuismitheoir atá tar éis bás a fháil nó dífhostaíocht, i measc cásanna cáilitheacha eile.

3. Níl an banc bia i bhfeidhm chun mic léinn a chothú thar thréimhse fhada ama ach cuireann sé cabhair ghearrthéarmach ar fáil fad is atá mac léinn i ngátar.

Ciste Éigeandála an Aontais

Níl tacaíocht airgeadais tríd an gCiste Éigeandála do Mhic Léinn ar fáil ach amháin do mhic léinn atá cláraithe faoi láthair le linn théarma a n-iarratais.

Is íocaíocht í seo uair amháin in aghaidh na bliana acadúla. Más mian leat iarratas a dhéanamh arís, téigh i dteagmháil le welfare@uccsu.ie.

Is de réir an cháis a dhéileálfar le hiarratais a chuirfear isteach lasmuigh den ghnáth-théarma. Ní bheidh an t-iarratasóir i dteideal Maoiniú Éigeandála a fháil mar thoradh ar iarratais rathúla a deineadh roimhe seo ó théarmaí nó blianta acadúla éagsúla.

I gcásanna ina dtagann coimhlintí leasa chun cinn, mar shampla caidreamh pearsanta leis an Oifigeach Leasa nó gaol leis an Oifigeach Leasa, is é an Riarthóir Leasa a dhéileálfaidh le cás an iarratasóra.

Seo a leanas an scéim ghinearálta chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe lánaimseartha agus páirtaimseartha:

1. Déanfar tástáil maoine ar mhic léinn atá ag lorg cúnaimh airgid ionas go bhféadfar an ciste a chaomhnú dóibh siúd is mó atá i ngátar.

2. Is é príomhchuspóir an chiste éigeandála ná tacú le mic léinn a mbíonn deacrachtaí airgeadais gan choinne orthu le linn na bliana acadúla 2023/2024. Ina theannta sin, tá an ciste ann chun cúnamh airgeadais a thabhairt do mhic léinn a bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar a gcúinsí agus iad i mbun staidéir, mar shampla tuismitheoir atá tar éis bás a fháil nó dífhostaíocht, i measc cásanna cáilitheacha eile.

3. Níl an ciste i bhfeidhm chun mic léinn a chothú thar thréimhse fhada ama ach cuireann sé cabhair ghearrthéarmach ar fáil fad is atá mac léinn i ngátar.  

4. Níl an ciste i bhfeidhm chun ranníocaíocht, táille teagaisc agus/nó táille chaipitíochta na hOllscoile atá le híoc ag an iarratasóir a chlúdach nó a ranníoc.

Ciste Tacaíochta na Mac Léinn

Is ciste eile é ciste tacaíochta na mac léinn atá ar fáil do mhic léinn uile an Aontais Eorpaigh agus de ghnáth osclaítear é gach bliain thart ar mhí Dheireadh Fómhair. Gheobhaidh tú ríomhphost go dtí do chuntas ollscoile timpeall an ama seo ina mbeidh sonraí maidir le conas iarratas a dhéanamh. Tá gach mac léinn lánaimseartha fochéime agus iarchéime atá cláraithe don bhliain acadúil 2023/2024 (faoi réir stádas AE), incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ón gciste. Níl mic léinn a ghlacann páirt i mbunchúrsaí nó i gcúrsaí páirtaimseartha incháilithe don chiste seo. Chomh maith leis sin, tá mic léinn atá ag tabhairt faoin dara Céim / dara Máistreacht / an dara PhD neamh-incháilithe. Is féidir tacaíocht a thabhairt do mhic léinn ar feadh bliain bhreise uair amháin. Is féidir le hiarratasóirí PhD tacaíocht a fháil ar feadh bliana 1 - 4. 

Tá tuilleadh eolais faoin gciste le fáil anseo.

Ciste Aistrithe Sóisialta an Aontais

Déanfar na hiarratais a anaithnidiú agus déanfaidh painéal iad a mheas dhá uair sa seimeastar. Ar an bpainéal seo beidh Oifigeach Leasa an Aontais, Oifigeach Cumarsáide agus Rannpháirtíochta an Aontais, toscaire ón gCumann LADT, an tIonadaí Comhionannais agus Éagsúlachta, an tIonadaí Cearta Inscne ón nGrúpa Oibre Comhionannas agus an tIonadaí Cearta LADT ón nGrúpa Oibre Comhionannais.

Tugadh €20,000 dúinn mar chuid den Mhaoiniú Meabhairshláinte de chuid an Údaráis um Ard-Oideachas (HEA) thar thréimhse 10 mbliana. Is é €200.00 an t-uasmhéid a bhronntar in aghaidh an mhic léinn, agus is íocaíocht aonuaire atá i gceist.

Deontais

Tá liosta cuimsitheach de na cistí agus na deontais atá ar fáil do mhic léinn le fáil ag https://www.ucc.ie/en/sfsa// agus https://hea.ie/funding-governance-performance/funding/student-finance/

Deontas SUSI

Is é an deontas SUSI an phríomhíocaíocht deontais in Éirinn. Is féidir leat teacht ar eolas faoin deontas SUSI ag susi.ie.

Is féidir dul i dteagmháil le deasc tacaíochta SUSI le haon cheist ag support@susi.ie nó 0818 888 777.

Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas

Bronntar an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA) orthu siúd a d’fhág an t-oideachas agus atá ag filleadh ar bhreisoideachas anois. Chun a bheith incháilithe, ní mór duit a bheith ag déanamh dul chun cinn le do chuid oideachais, rud a chiallaíonn nach mór leibhéal an NFQ den chúrsa ar mian leat iarratas a dhéanamh air a bheith níos airde ná leibhéal an NFQ den chúrsa deiridh a chríochnaigh tú. 

Tá tuilleadh eolais faoin liúntas seo le fáil anseo.

Ciste Tacaíochta na Mac Léinn

Tá Ciste Tacaíochta na Mac Léinn á thairiscint ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus tá sé ar fáil do mhic léinn lánaimseartha an Aontais Eorpaigh.

Tá tuilleadh eolais faoin gciste le fáil anseo.