Oideachas

Eolas Ginearálta

Eolas Áisiúil
Téigh i dteagmháil le hOifigeach Oideachais an Aontais
  • education@uccsu.ie

Foghlaim faoin gcóras grádaithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh
Ár Seirbhísí
Busanna Scrúdaithe

Cuirfidh Aontas na Mac Léinn busanna ar fáil go hallaí scrúdaithe le linn tréimhsí scrúdaithe. Coimeád súil ar @uccsu ar na meáin shóisialta agus ar ár suíomh idirlín chun cláir ama uasdátaithe a fháil!

Is é €2 an táille do na busanna scrúdaithe gach turas, mar sin déan cinnte sóinseáil a thabhairt leat go dtí na scrúduithe.

Tacaíocht do Mhic Léinn
Mic Léinn Aibí

Ba chóir go dtabharfadh cúrsaí fógra suas le dhá sheachtain duit maidir le haon athrú ar an amchlár. Ba chóir duit a bheith solúbtha maidir le tinreamh má tá gealltanais theaghlaigh nó oibre agat. 

Mura bhfuil aghaidh á thabhairt ar aon cheann de na fadhbanna seo, téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Oideachais ag education@uccsu.ie nó leis an Ionadaí do Mhic Léinn Aibí ag mature@uccsu.ie.

Mic Léinn Pháirtaimseartha

Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh mic léinn go bhfuil teacht iomlán acu ar an tacaíocht acadúil agus leasa a chuireann an tAontas ar fáil dá gcuid ball. 

Ba chóir do mhic léinn pháirtaimseartha a bheith ar an eolas go bhfuil áiseanna tacaíochta acadúla iomlána na hOllscoile ar fáil dóibh i rith na bliana mar shampla ceardlanna gairme, tógáil CVanna agus rannpháirtíocht le clubanna agus le cumainn. 

Cé go bhfuil éagsúlacht sna huaireanta staidéir a bhíonn ag mic léinn pháirtaimseartha, is é an tslí is fearr chun freagra tapa a fháil ná ríomhphost a sheoladh go hAontas na Mac Léinn.

Useful Links
  • Student Portal

  • USI

Seicliosta Scrúdaithe

Seicliosta Réamhscrúdaithe
  • Do Chárta Mic Léinn

  • Cóip chlóite NEAMH-MHARCÁILTE de do chlár ama scrúdaithe

  • Trealamh atá uait m.sh pinn, pinn luaidhe, áireamhán, uaireadóir, srl.

  • Cinntigh arís is arís eile am, dáta agus ionad an scrúdaithe

Sa Halla Scrúdaithe
  • Seans go mbeidh am léitheoireachta agat roimh d’am tosaithe oifigiúil (Seiceáil do chlár ama)

  • Beidh áit ann chun do mhála agus do chuid earraí pearsanta a fhágaint

  • Bí cinnte go bhfuil tú sa suíochán ceart! (Tá d'uimhir shuíocháin ar do chlár ama)

Le linn an Scrúdaithe
  • Nuair a thosaíonn an scrúdú, seiceáil go bhfuil an script scrúdaithe ceart agat. Mura bhfuil, cuir do lámh suas!

  • Cuir do lámh suas má tá páipéar breise uait.

  • Ní féidir an scrúdú a fhágaint sa chéad uair an chloig ná sa 20 nóiméad deireanach.

  • Má tá an scrúdú críochnaithe go luath agat, bí cinnte na ceisteanna ar fad a léamh arís ionas nach gcaillfidh tú rud ar bith!

Má tá tú Breoite
  • Téigh i dteagmháil le Seirbhísí Sláinte na Mac Léinn nó le do dhochtúir teaghlaigh chun teastas breoiteachta a fháil

  • Is féidir iarratas a dhéanamh ar mhaolú tar éis eisiúint na dtorthaí, agus tá dhá sheachtain agat é sin a dhéanamh

  • Téigh i dteagmháil le do dhochtúir / cógaiseoir chun do bhreoiteacht a chur in iúl dóibh

Comhairle Staidéir

Suíomhanna Staidéir

Tá sé tábhachtach staidéar a dhéanamh in áit éigin a oireann duit féin agus do do stíl foghlama! Más mian leat staidéar a dhéanamh san ollscoil, seo na roghanna atá ar fáil:

Leabharlann Boole:

Príomhfhoirgneamh: 07:30 -01:30
Seomra Léitheoireachta an Quad: 24 Hours

Leabharlann Brookfield:

Dé Luain — Déardaoin: 09:00 -22:00
Dé hAoine — Dé Domhnaigh: 09:00 -17:00

An Mol:

Foirgneamh ar oscailt óna 08:00-22:00, 7 lá na seachtaine

  • Atrium, Global Lounge agus Open Learning Space ar fáil le húsáid

  • Seomraí staidéir do ghrúpaí ar urlár 3 ar fáil le cur in áirithe

  • Seomraí comhairliúcháin / staidéir níos lú ar fáil le cur in áirithe ag an deireadh seachtaine agus tar éis 6i.n i rith na seachtaine

Mind Your Body & Your Mind

Taking care of yourself is important to ensuring you can perform your best! Keep these top tips in mind while studying.

Ná bí ródhian ort féin:

Má bhraitheann tú faoi bhrú le staidéar / strus scrúdaithe, buail le cara do chupán caife, glac sos, déan rud éigin eile seachas staidéar!

Glac Sos:

Is féidir le sosanna gearra cabhrú leat fanacht dírithe agus fuinniúil. Téigh ag siúl agus faigh beagán aeir, déan roinnt aclaíochta chun tú féin a shíneadh, nó glac páirt i ngníomhaíocht éigin thaitneamhach le linn do chuid sosanna.

Lorg Tacaíocht:

Ná bíodh eagla ort cabhair a lorg má theastaíonn sé uait. Labhair le cara, le ball teaghlaigh, nó leis an tseirbhís chomhairleoireachta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, má bhraitheann tú faoi bhrú nó faoi strus. Téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Leasa ag welfare@uccsu.ie

Ith go Sláintiúil:

Is féidir le bia sláintiúil agus cothrom cabhrú leat do chuid fuinnimh a choimeád agus fanacht dírithe le linn na scrúduithe.

Faigh do dhóthain Codlata:

Déan iarracht ar a laghad 8 uair an chloig codlata a fháil gach oíche.

Ól do dhóthain Uisce:

Is féidir le go leor uisce i rith an lae cabhrú leat fanacht dírithe agus dúisithe.

Comhairle Staidéir Éifeachtach

Tá obair chliste chomh tábhachtach céanna agus atá obair chrua, mar sin déan cinnte go bhfuil plean agat!

Déan amach Plean:

Déan amach plean staidéir ina leagtar amach an méid is gá duit a chlúdach agus nuair is gá duit é a chlúdach. Cabhróidh sé seo leat a bheith eagraithe agus dírithe agus tú i mbun staidéir. Bí cinnte sosanna rialta a chur san áireamh i do phlean chun nach mbeidh tú spíonta.

Aimsigh am den lá a oireann duit:

Tá leibhéil éagsúla fuinnimh agus amanna feidhmíochta buaice éagsúla ag gach duine i rith an lae. Roghnaigh am den lá ina mbíonn tú dírithe agus spreagtha, agus oibrigh as seo agus tú ag pleanáil do sheisiúin staidéir.

Oibrigh le comhghleacaithe ranga:

Is féidir leis seo an seisiún staidéir a dhéanamh níos suimiúla agus níos idirghníomhaí. Is féidir coincheapa a thuiscint agus cuimhneamh orthu níos fearr má phléann tú iad le do chomhghleacaithe.

Caith súil ar iarpháipéir scrúdaithe:

Is féidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar iarpháipéir scrúdaithe cabhrú leat leagan amach agus stíl na gceisteanna scrúdaithe a thuiscint. Cuirfidh sé seo le do mhuinín agus feicfidh tú na réimsí inar gá duit feabhsú.

An Mhacántacht Acadúil

Tá sé tábhachtach a chinntiú nach ndéanann tú bradaíl agus go ndéanann tú tagairt cheart d’aon fhoinsí.

Polasaí Bradaíola Choláiste na hOllscoile, Corcaigh - https://www.ucc.ie/en/media/support/academicsecretariat/policies/examinations/UCCPlagiarismPolicy-V5.2-ApprovedbyAcademicBoard22Nov2023_.pdf

Bradaíl?
  • Má tá tú ag baint úsáide as obair dhuine eile, déan cinnte iad a lua nó iad a lua go díreach.

  • Is bradaíl é athúsáid do chuid oibre féin chomh maith! Tugtar féin-bhradaíl air seo.

  • Ní d’obair féin é má bhaineann tú úsáid as uirlisí intleachta saorga chun abairt a athscríobh. Caithfidh tú tagairt a dhéanamh fós.

  • Coimeád súil amach do phóstáil iomlán faoi ChatGPT agus uirlisí intleachta saorga eile sa saol acadúil

Tagairtí?
  • Is aitheantas é seo ar na foinsí atá úsáidte agat i do chuid oibre. Bí cinnte súil a choimeád orthu agus tú ag scríobh. Seans go mbeadh gá agat tagairtí a dhéanamh i stíl ar leith i d’aiste

  • Tá acmhainní iontacha ag Leabharlann na hOllscoile maidir le conas tagairtí a dhéanamh

Maolú, Achomhairc agus Athsheiceálacha

Maolú
Cad é?

Cabhraíonn maolú le mic léinn a bhíonn i gcúinsí gan choinne a mbíonn tionchar acu ar a gcumas ullmhú do scrúdú nó scrúdú a dhéanamh.

An bhfuil mé incháilithe?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh má fuair duine muinteartha de do chuid bás, má bhí tinneas ort nó mura raibh tú in ann an scrúdú a dhéanamh mar gheall ar chúinsí nach bhfuil smacht agat orthu. Ní mór duit roinnt doiciméid thacaíochta a bheith agat chun iarratas a dhéanamh, ar nós nóta ó dhochtúir nó fógra báis.

Cad a dhéanann maolú?

Má theipeann ort i scrúdú, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun nach mbeadh an scrúdú a dhéanann tú arís i mí Lúnasa srianta ag pasmharcanna.

Achomhairc
Cad iad?

Dearbhaíonn achomharc an mbeadh bord scrúdaithe tar éis na cúinsí breise seo a chur san áireamh agus breithiúnas acadúil á thabhairt. Baineann achomhairc le gach measúnú lena n-áirítear CA agus ní féidir leat achomharc a dhéanamh ach amháin i gcás módúil, ní ag leibhéal an chúrsa. I gcás mic léinn thaighde, ní chlúdaíonn achomharc ach imeachtaí le linn phróiseas an scrúdaithe, ní gearáin sula gcuirtear do thráchtas isteach.

An bhfuil mé incháilithe?

Is féidir leat achomharc a dhéanamh má tá fianaise ann ar mhírialtacht shubstainteach i stiúradh an scrúdaithe, má mheasann tú go bhfuil do mharc earráideach nó má bhí cúinsí i gceist nach raibh an Bord Scrúduithe ar an eolas fúthu nuair a deineadh an cinneadh. Tabhair faoi deara, má chreideann tú gur chóir go mbeadh déanta níos fearr agat, ní leor é seo chun achomharc a dhéanamh.

Cad a dhéanann achomharc?

Má sheastar leis an achomharc, is féidir leis an gcoiste a chinneadh an mbeadh athrú tagtha ar do mharc mar thoradh ar na cúinsí seo. Tabhair faoi deara, ní féidir le hachomharc a chinneadh gur chóir go ndéanfaí athghrádú ar an scrúdú nó maolú a thabhairt.

Cathain ar chóir dom iarratas a dhéanamh ar mhaolú agus ar achomhairc?

Ní mór iarratais ar mhaolú agus ar achomhairc a dhéanamh taobh istigh de choicís ón lá a eisíodh do thorthaí scrúdaithe.

Athsheiceálacha
Cad iad?

Is éard atá i gceist le hathsheiceáil ná deimhniú gur deineadh gach gné de do mheasúnú a mheas agus nach raibh aon bhotún i gcomhaireamh nó i gcur le chéile do mharcanna. Tabhair faoi deara, ní bhaineann athmheasúnú ar do páipéar scrúdaithe leis seo.

An bhfuil mé incháilithe?

Is féidir le gach mac léinn athsheiceáil a dhéanamh ar a gcuid marcanna.

Cad a dhéanann athsheiceáil?

Má sheastar le d’athsheiceáil, leasófar an marc chun na hathruithe a léiriú.

Sula ndéanfaidh tú Iarratas

Sula ndéanfaidh tú achomharc nó athsheiceáil, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chun do script scrúdaithe a fheiscint. Is féidir é seo a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le comhordaitheoir do mhódúil.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar mhaolú nó ar achomhairc, ní mór duit doiciméad tacaíochta a bheith agat. Samplaí de seo is ea litir ó do dhochtúir nó fógra báis.

Is féidir leis an Oifigeach Achomhairc Scrúdaithe comhairle a chur ar fáil faoin bpróiseas Achomharc agus is féidir leis an Oifig Thaifid agus Scrúduithe Mac Léinn comhairle a thabhairt maidir leis an bpróiseas maolaithe.

Ríomhphoist:
Michael Delargey - m.delargey@ucc.ie
SREO - sreo@ucc.ie

Táillí agus Spriocdhátaí

Tá costas €30 in aghaidh an mhódúil ar athsheiceálacha agus €70 in aghaidh an mhódúil ar achomhairc. Má ghlactar leis an athsheiceáil nó achomharc, aisíocfar an táille seo.

Ní mór iarratais ar mhaolú, ar achomhairc nó ar athsheiceáil a dhéanamh taobh istigh de choicís ón lá a eiseofar na torthaí scrúdaithe. I gcás fhormhór na mac léinn, is torthaí an tSamhraidh a bheidh i gceist.