Seirbhísí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh

Bia san Ollscoil

Cuireann Kylemore Group réimse leathan áiteanna ar fáil chun ithe agus ól ar champas.

Ina measc tá:

  • Main Restaurant
  • Elements
  • Coffee Dock
  • Costa Coffee
  • Brookfield Canteen
  • WGB Canteen
  • Mini Restaurant

Áras na Mac Léinn

Áras na Mac Léinn, The Student Centre at University College Cork is at the heart of the campus. Áras na Mac Léinn provides numerous facilities to the staff, students and visitors to UCC.

  • Is í an Deasc Eolais, atá suite ar urlár na talún, an chéad áit ar chóir duit dul chun eolas a fháil faoi Áras na Mac Léinn, faoi champas na hOllscoile, agus má tá ceisteanna ginearálta agat.
  • Is féidir Halla Devere, nó an ‘Multifunctional Hall’ mar a thugtar air chomh maith, a fháil ar cíos i gcomhair imeachtaí ar leith, nó is féidir é a úsáid mar sheomra coiteann neamhfhoirmiúil más mac léinn thú.
  • Is féidir an tAmfaitéatar atá suite díreach taobh amuigh d'Áras na Mac Léinn a fháil ar cíos chomh maith.
  • Is féidir teacht ar Sheomraí Cruinnithe ar na leibhéil uachtaracha.
  • Bainistíonn Áras na Mac Léinn Creche Cois Laoi chomh maith (Ionad Barr Feabhais creidiúnaithe NCNA) atá lonnaithe trasna an champais i gCoimpléasc Eolaíochtaí Sláinte Brookfield.
  • Tá roinnt áiseanna miondíola agus bia ar fáil in Áras na Mac Léinn.
  • Is féidir dul go dtí An Siopa chun sneaiceanna beaga a fháil ar nós uachtar reoite, criospaí nó ceapairí pacáilte.
  • Tá dhá Chaifé ann chomh maith – Café Oasis agus Upstairs Café; tá bia te agus fuar ar fáil i gCafé Oasis, agus tá ceapairí gourmet, fillteoga, baguettes agus paninis ar fáil san Upstairs Café, le raon leathan bia le cur iontu.

An Chreis

Tá spás d’ochtó leanbh i gcreis na hOllscoile,‘Creche Cois Laoi’. Cuirtear dhá thrian de na spásanna ar leataobh do mhic léinn, agus an tríú cuid eile do bhaill foirne lánaimseartha. Is féidir le sealbhóirí deontais iarratas a dhéanamh ar fhóirdheontas i leith costais na creise. Tá liosta feithimh ann don chreis a bhainistítear ar bhonn ‘first come first served’.

Creche Cois Laoi, Brookfield.

Uimhir ghutháin: +353 (0)21 490 1607
Ríomhphost: creche@ucc.ie
Suíomh Idirlín: Cliceáil anseo

Tá tacaíocht airgeadais ar fáil ó Aontas na Mac Léinn do mhic léinn lánaimseartha ar tuismitheoirí iad le leanaí a fhreastalaíonn ar an gcreis.

Sláinte na Mac Léinn

Tá sé mar aidhm ag Roinn Sláinte na Mac Léinn go mbeidh gach mac léinn sláintiúil ina n-intinn agus ina gcorp i rith a gcuid ama san Ollscoil, agus cuireann siad pé tacaíocht is féidir leo ar fáil chun cabhrú le gach mac léinn é seo a bhaint amach. Tá acmhainní teoranta acu agus mar sin cuirtear i gcuimhne do gach mac léinn gur gá dóibh a bheith cláraithe le Dochtúir Ginearálta áitiúil. Is tacaíocht breise é seo ar na seirbhísí atá ar fáil do gach mac léinn trína nDochtúir Ginearálta agus níl an tseirbhís freagrach ná ní bheidh sí freagrach as seirbhísí a bhaineann le Dochtúir Ginearálta a chur ar fáil d’aon mhac léinn.

Tá sé mar aidhm ag Roinn Sláinte na Mac Léinn seirbhísí a chur ar fáil a dhíríonn ar thinnis agus ar fhadhbanna a bhíonn ag mic léinn na hOllscoile. Cuireann siad na seirbhísí seo a leanas ar fáil:

  • Cúram príomhúil do thinnis ghéara agus ainsealacha atá sa phobal
  • Seirbhís fhrithghiniúna lena n-áirítear ionchlannáin fhadghníomhacha a chur isteach
  • Seirbhísí smearaidh cheirbheacs
  • Scagthástáil agus imdhíonadh in aghaidh galair thógálacha
  • Seirbhís Síciatraí Comhairleach
  • Seirbhís dhiagnóise agus chóireála do ghalair ghnéis
  • Cláir um Chur Chun Cinn na Sláinte
  • Seirbhís atreoraithe ospidéil
  • Cúram réamhbhreithe.
  • Timpiste agus Éigeandáil
  • Seirbhís Fhisiteiripe

Má tá imní ar aon mhac léinn faoi fhadhb shláinte, is féidir leo coinne a shocrú le Seirbhís na Roinne Sláinte do Mhic Léinn ar 021-4902311 nó glaoch a chur ar an roinn, agus socróidh an fáilteoir coinne clinice duit.

Ionad Cuairteoirí na hOllscoile

Is pointe lárnach eolais é Ionad Cuairteoirí na hOllscoile do na cuairteoirí ar fad a thagann go dtí an Ollscoil.

Tá an t-ionad lonnaithe sa Phasáiste Cloiche sa Sciathán Thuaidh, i gcroílár cultúrtha agus stairiúil an champais.

Tá an-tóir ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, cheana féin mar áit thurasóireachta agus tá closturais nua ar stair agus ar chultúr na hOllscoile ar fáil le ceannach ó Ionad na gCuairteoirí – buail isteach san ionad chun tuilleadh eolais a fháil.

Uaireanta Oscailte: Mon. – Fri.: 9am-5pm, Sat.: 12pm-5pm

Téigh i dteagmháil le hIonad na gCuairteoirí:  T:+353 (0)21 4901876

Ríomhphost: visitorscentre@ucc.ie