Get Involved

Imeachtaí

Tá clú agus cáil ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, as imeachtaí móra a eagrú a bhíonn mar bhuaicphointí i bhféilire na mac léinn, mar shampla Seachtain na bhFreisear, Seachtain Tiomsaigh agus Tabhair, agus Bál na nEalaíon. Eagraítear na himeachtaí seo chun eispéiris dhosháraithe a chur ar fáil, ag cothú braistint phobail agus spioraid i measc na mac léinn. Bíonn gach imeacht, ó cheiliúradh cultúrtha go teacht le chéile sóisialta, eagraithe go cúramach chun go mbeidís taitneamhach agus tairbheach, rud a chuireann go mór le saol bríomhar an champais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Féach na himeachtaí go léir atá le teacht thíos.

Feachtais

Reáchtálann Aontas na Mac Léinn feachtais chun feasacht a mhúscailt agus chun troid ar son athrú maidir leis na fadhbanna a chuireann isteach go díreach ar mhic léinn. Tá éagsúlacht ollmhór idir na saghasanna feachtais a eagraítear, ó fheachtais faoi chearta tionóntachta agus cearta na n-oibrithe go feachtais faoi shláinte ghnéis / mheabhairshláinte agus feachtais chun dul i ngleic leis an gcostas maireachtála atá ag dul i méid. Bíonn an tOifigeach Cumarsáide agus Rannpháirtíochta i gcónaí ag lorg smaointe nua maidir le feachtais ó mhic léinn na hOllscoile. Ba mhaith linn clos uait; do ghuth, d’aontas!

Tá tuilleadh eolais le fáil thíos maidir lenár bhfeachtais go léir!

Clubanna

Tá clubanna go hiontach mar go dtugann siad an deis duit a bheith páirteach i saol na mac léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh! Tá club ann do gach saghas duine, le 45 club spóirt éagsúil ó sacar go canú. Is cuma má tá spórt imeartha agat ar feadh na mblianta nó má tá tú ag iarraidh rud éigin a thriail don chéad uair, is timpeallacht an-fháilteach iad clubanna atá sásta i gcónaí baill nua a bheith acu. Má tá suim agat ballraíocht a ghlacadh, tá an t-eolas ar fad ar shuíomh idirlín spóirt na hOllscoile. Tá súil againn tú a fheiscint ag seisiún traenála go luath!

Cumainn

Is mol sóisialta iad cumainn do mhic léinn ar fud na hOllscoile, ó chumainn acadúla ar nós an Cumann Tráchtála agus an Cumann Innealtóireachta go cumainn chruthaitheacha agus shóisialta ar nós an Cumann Ceoil agus an Cumann Sci-Fi. Cuirimid áit ar fáil do mhic léinn chun a saol sóisialta a leathnú, chun a gcaitheamh aimsire san Ollscoil a fhorbairt, agus chun léargas a fháil ar rudaí nár dhein siad riamh cheana. Tá 118 cumann againn faoi láthair, mar sin tá rud éigin ann do chách! Má tá aon cheist agat, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil le president@uccsocieties.ie nó caith súil ar ár suíomh idirlín https://www.ucc.ie/en/societies

Express

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit. Suspendisse varius enim in eros elementum tristique. Duis cursus, mi quis viverra ornare, eros dolor interdum nulla, ut commodo diam libero vitae erat.

Motley

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit. Suspendisse varius enim in eros elementum tristique. Duis cursus, mi quis viverra ornare, eros dolor interdum nulla, ut commodo diam libero vitae erat.

UCC 98.3FM

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit. Suspendisse varius enim in eros elementum tristique. Duis cursus, mi quis viverra ornare, eros dolor interdum nulla, ut commodo diam libero vitae erat.